An Ridire Dubh
Aistritheoir: Cosslett Ó Cuinn
Foilsitheoir: Coiscéim (1993)
Léirmheastóir: Máire Nic Mhaoláin
Foilsíodh an léirmheas seo cheana in Comhar, Iml. 52, Uimh 9 (Sep., 1993)
Annamh go leor a fhoilsitear aistriúchán Gaeilge ar shaothar próis. Fáiltim mar sin roimh an úrscéal seo d’aistrigh Cosslett Ó Cuinn ón Spáinnis níl amhras go bhfuil ábhar léitheoireachta neamhghnách curtha ar fáil dúinn lena linn. Ta an sceal féin suite i Meiriceá i ndaichidi na haoise seo caite. Scéal spreagúil é faoi dhaor dubh de phór uasal a d’eagraigh ceannairc i mease a chomhdhaor ar bord loinge i Murascaill Mheicsiceo nó go ndeachaigh i dtír i Louisiana, agus as sin go Texas. Ní duine bocht dearóil é an laoch seo, mar le daor, ach fear maorga móruchtúil móraigeanta, agus ceannaire cruthanta a chuireann roimhe cothrom a bhaint amach do dhaoir eile, ar feadh a acmhainne. Téann sé thart mar a bheadh sórt Robin Hood ann ag bailiú chuige na ndaor go léir a d’éalódh ó mháistrí tíoránta, nó á scaoileadh saor é féin aon áit a bhfeictear dó faoi leatrom iad. Cuireann sé baile beag ar bun go fiú in áit ionadach roinnt mílte ó Dhallas agus is ann a chruinníonn na daoir lena mbeatha a shaothrú faoi shuaimhneas. Ach ní ligtear dóibh. Tá an t-olc ina gcroí ag na máistrí danartha agus ag go leor eile den phobal geal (cúpla sloinne Gaelach ina measc) do na daoir i gcónaí. (Is measa iad ná faolchoin, mar a deir an laoch go minic, rud a mhíníonn an teideal Spáinnise). Scriostar an baile beag nach mór, agus tá an laoch féin ar tí a chrochta, tar éis dó troid fhíochmhar a dhéanamh agus é faoi léigear ag a naimhde, nuair a thagann ógbhean uasal den chine geal (agus slua fear léi) I gcabhair air. Maraítear an mhórchuid dá naimhde, agus tagann an laoch chuige féin faoi chúram na hógmhná. Tá, ar ndóigh, aithne ag an ógbhean chéanna air ón uair úd a d’ fhuascail sé í ó scaifte de bhithiúnaigh gheala a bhí ag robáil an chóiste a raibh sí féin ag taisteal ann … An gá dom a rá go bhfuil siad i ngrá le chéile ó shin?
Scéal bríomhar eachtrúil, mar sin, agus é de chuspóir aige, is dócha, mórtas a chothú i sliocht na ndaor agus dearcadh níos dearfa i leith an chine dhuibh a chothú i ndaoine eile. (Mar shampla, tugtar ainm Afracach ar chuid mhór de na daoir, fiú is uile ba dhoiligh domsa creidiúint go hiomlán sa bhuachaill bó seo de dhaor atá inmharcaíochta agus inurchair leis an gcuid is fearr de bhunadh Texas. Cár fhoghlaim sé na scileanna sin? Sa bhaile i ndeisceart na hAfraice? Ní dócha é.
Agus cad é a shíl mé den leabhar mar aistriúchán? Chuaigh an t-aistritheoir a choraíocht le cultúr coimhthíoch agus le tírdhreach deoranta agus le teanga atá an-difriúil leis an nGaeilge, agus chuir sé saothar breá soléite ar fáil. Má tá locht ar bith air, déarfainn gur ródhílís atá sé in áiteanna, mar aistriúchán. Ní tógtha sin, ar ndóigh, ar fhear a thug an shaol ag plé leis na scríbhinní diaga mar a mbíonn an-bhéim ar dhílseacht san aistriú. Creidim féin gur cheart d’ aistritheoir a bheith chomh dílís agus is féidir agus chomh saor agus is gá ina dhiaidh sin. Ródhílseacht, is dócha, faoi deara ní lúide a bheith go minic ann in ionad dá ainneoin sin nó mar sin féin. Agus ní i gceachtar dá lámha a bhí piostal ag an laoch, déarfainnse, ach i ngach aon láimh aige. Rud éigin sna forainmneacha Spáinnise, is dócha, a tharraing an abairt chiotach seo: D’ imigh siad as radharc sa chlapsholas ach d’fhan siad ina seasamh i lár na sráide agus a súile ina ndiaidh. Tá Binn an Dea-Dhóchais ar Rinn an Dóchais in áit amháin, agus Ceann an Dea-Dhóchais in áit eile, ach ní móide gur ar an Spáinnis a mhilleán sin.
Tá ábhar mearbhaill in áiteanna eile ach seans gur ar an mbunsaothar an locht. Tá an sloinne Beucholds i gcaibidil a dó, ach Bencholds sa chuid eile den leabhar, mar shampla. Ansin, bhí airgead fuascailte le híoc roimh a dó dhéag san oíche ar lch. 36. “Agus tá sé a dó dhéag” arsa duine éigin. Cúpla leathanach ar aghaidh fógraítear cruinniú poiblí an oíche chéanna, ar a deich a chlog! Ba réiteach ar fhadhb an ama líne a fhágáíl bán, nó líne réiltíní a chur isteach leis na heachtraí a dheighilt ó chéile; ansin d’fhéadfaí dul siar go dtí an cruinniú a tionóladh níos túisce gan an léitheoir a chur as a m(h)eabhair!
Bheith ag leanúint ródhlúth de leagan amach an bhunleabhair is cúis le mearbhall in áiteanna eile. Mar shampla, ní comharthaí athfhriotail a úsáidtear sa Spáinnis ach daiseanna i dtús na cainte. Ní bhíonn “dúnadh” ar bith ar an gcaint, mar sin. Leanadh den nós sin sa Ghaeilge, rud nár mhiste ach gur furasta dul amú ann, mar a tharla sa sliocht seo:
– Bhí an bás i ndán do dhuine dár mbeirt, a d’fhreagair Opamba. Mallacht ort agus ar do chine!
Thit sé ar a bhéal… gan corraí a thuilleadh.
An dara duine adúirt Mallacht ort… (Ní déarfadh an laoch a leithéid!) agus a thit ar a bhéal, bíodh nach léir sin ar an gcéad léamh. Agus arís, tá soiléiriú éigin gan déanamh ar an sé úd.
Tá claonadh sa leabhar duine a lua faoi leagan gairid dá ainm agus leagan níos iomláine a thabhairt ina dhiaidh sin, nós atá rud beag ait againne. Opamba ainm an laoich, mar shampla, go dtí lch. 9 nuair a thugtar Hamil Opamba air. Agus ní gnách linne tagairt do bhithiúnach faoina ainm baiste, mar a dhéantar le “Bob” ar lch. 54. Cúpla líne síos is “Bob Kenton” é. (Tugadh a ainm iomlán air i bhfad roimhe sin fasta, ach cheapfá ar an “Bob” sin gur chara seachas namhaid de chuid an laoich é).
Saothar inmholta é seo ar go leor bealaí, agus saothar taitneamhach, ach sílim go bhfuil gnéithe de leabhar diomaite den téacs féin nár mhiste a chur san áireamh i gcás aistriúchán dá leithéid feasta.