Abhaile Faoi Dheoidh
Aistritheoir: Máirtín Ó Corrbhuí
Bunteanga: Béarla
Bunteideal: Homeward once more

Ba gheal í an ghrian go hard insa spéir
Gan oiread is scamall i nglinnte an aeir;
Agus fear ina sheasamh ar chaladh i gcéin,
Ba uasal é a chló is ba mhaorga a mhéin.
Gean gáire ar a bhéal ach an deoir faoina shúil,
“Ag filleadh chun éaga mé,” a deir sé go ciúin –
“Ach éagfad in Éirinn, gan chásamh gan bhreo” –
Is béarfaidh an bád é abhaile faoi dheoidh.
Curfá
Abhaile faoi dheoidh, abhaile faoi dheoidh,
Tá an bád mór ag scoilteadh na dtonnta go beo;
Tá an deoraí ag filleadh i ndeireadh a ré,
Agus mairfidh go sona go dté sé i gcré.
Ar son Éireann a throid sé nuair ba léanmhar a cás,
Nó gur gabhadh ag Gaill é is daoradh chun báis;
Ach de dheasca na himpí a ghnaíodh thar a cheann,
Díbríodh go pras é thar sáile anonn.
Chaith scór fada blianta ina chime go fíor.
I bhfad óna bhean, óna chlann, óna thír.
Ach – ola ar a chroí ’nois – tá gach rud i dtreo,
Chun dul ar bord loinge abhaile faoi dheoidh.
Tá an bád mór ag treabhadh na mara aneas,
Tá deis ag an deoraí an t-aer úr a mheas;
“Go dtuga Dia slán sinn” – is é sin a ghuí
Gach lá is an t-árthach ag gearradh na slí.
Nó go ndruideann ar deireadh lena thír dhúchais féin,
Agus feiceann sé mullaigh na sléibhte i raon;
Tagann tocht ar a chroí is é ag féachaint ’na dtreo –
“A Éire, a ghrá, táim abhaile faoi dheoidh.”
[An nóta seo i ndiaidh ainm an aistritheora san iris inar céadfhoilsíodh é:] (Aistriúchán ar an seanbhailéad Homeward Once More)


