An Fear Faire
Aistritheoir: Deasún Breatnach
Bunteanga: Caistílis
Bunteideal: El centinela
Údar: Jorge Luis Borges
Céadfhoilsiú: Feasta, Nollaig 1986
Solas isteach agus is cuimhin liom mé fhéin; agam atá sé.
Ag nochtú a ainm ar dtús, m’ainm féin (bíodh sin soiléir anois).
Ar ais liom go dtí an sclábhaíocht a mhair níos mó ná seacht mbliana faoina deich.
Brúnn sé orm a chuimhne.
Brúnn sé orm dearóil gach lae, an chaoi dhaonna.
Mise a sheanbhanaltra; iachall orm a chosa a ní.
Ag spiaireacht orm a bhíonn sé i scátháin, i mahogaine, i bhfuinneoga siopaí.
Bean nó dhó tar éis diúltú dhó; ní mór domsa an ghoimh a roinnt leis.
Deachtaíonn sé an dán seo dom, nach dtaitníonn liom.
Éilíonn sé mo phrintíseacht sealadach don Anglashasanach sotalach.
Táim iompaithe aige i dtreo adhradh na marbh míleata,
daoine lenar éigean a mbeinn in ann oiread is focal a mhalartú.
Ar an gcuid deiridh den staighre mothaím lem thaobh é.
Im choiscéim atá sé, im ghuth féin.
Go mion is go hiomlán is gráin liom é.
Dearbhaím go sona sásta gur ar éigean a bhfuil radharc aige.
I gcillín ciorcalach atáim agus an balla infinídeach ag teannadh isteach.
Dallamullóg dá laghad ní chuireann ceachtar dinn ar a chéile ach tugann an bheirt dinn éitheach.
Iomarca aithne againn ar a chéile, deartháir doscartha.
Ó mo chupán a ólann tú uisce agus alpann tú mo chuid aráin.
Ar leathadh atá doras an fhéinmharaithe ach is é a dhearbhaíonn na diageolaithe
gur i scáth lasmuigh sa ríocht eile a bheas mise, ag feitheamh orm.