
Ar Ghéaga na gCrann Sailí
Aistritheoir: Deasún Breatnach
Bunteanga: Iodáilis
Bunteideal: Alle fronde dei salici
Údar: Salvatore Quasimodo
Céadfhoilsiú: Feasta, Nollaig 1986
Agus muide, cén chaoi a gcanfadh muid
agus buatais ghallda ar ár gcroí,
muid i measc na marbh tréigthe sna cearnóga
agus ar an bhféar crua le hoighir, muid ag éisteacht
le huanmhéileach na leanbh,
le duchscreadaíl na máthar atá
ag siúl i dtreo an mhic úd
céasta ar chuaille.
Ar ghéaga na gcrann sailí, mar íobairt,
bhí ár líreanna, fiú, crochta,
iad ag luascadh ag an ngaoth dhubhbhrónach.

