Lan, Reacaire na Luaithre
Aistritheoir: Mairtín Ó Cadhain agus An Aot. Dourgwenn
Bunteanga: Briotáinis.
Bunteideal: Lan, Embanner Al Ludu.
Údar: Jakez Riou.
Céadfhoilsiú: Feasta, Aibreán 1949.
Tá Jakez Riou ar dhuine den chuid ab fhearr de na scríbhneoirí óga a d’oibrigh idir an dá chogadh le nua-litríocht a chur ar fáil do Bhriotáin Leatha. Fuair sé bás i 1936 in aois a 37 mbliana.
Bhí deis agus slí airgid aige, mar ba ag a athair a bhí an talamh ba thorthúla sa bparóiste. Ach d’ainneoin sin, tháinig Lan Ofret, aon mhac oidhríochta Kerunken, an bhliain seo, chuig tine chnámh na Féile San Seáin, a dhá ghualainn neamh-luchtaithe, agus a dhá láimh chomh fada le chéile, tar éis gur dhligh sé a dhó nó a trí d’ualaí a thabhairt leis ar bharr píce iarainn fearacht mar thug a athair. Má ba le saint é ba náireach an mhaise dó é; ba mheasa ná sin arís é, má ba le tarcaisne ar an naomh a rinne sé é.
Bhí airde mhaith i gcarn na tine cnámh, san am a raibh Lan Ofret ag druidim léi; arae is baile de mhéid mhór é Kerunken, a bhfuil deich dteaghlach breá ag déanamh slí bheatha ar na cairéil shlinne ann; agus ní raibh aonduine d’aon teaghlach acu sin nár tháinig lena scairín féin: na buachaillí le cuail draighin duibh crua-adhmaid nach raibh a mhacasamhail ann le tine bhuan a dhéanamh; na cailíní le ascallán craobhóg; na hógánaigh le giotaí connaidh, le brosna fréamh; agus na malraigh a bhí i ngreim fós i naprún a máthar i gclé siúil, thugadar scealpóg nó rúscán éigin leo; arae is nós é go ndlíonn cách do réir a aoise agus a mhaoine a scair féin a thabhairt chuig an tine chnámh. Mura dtuga, beidh sé á dhó sa saol eile an fhad céanna agus a bheas an tine chnámh ar marthain. B’iontas mar sin leis na daoine a bhí cruinn ar an gcarn Lan Ofret a fheiceáil ag teacht chuig na paidreacha, a dhá lámh taobh thiar dá dhroim, agus é ag feadaíl istoíche fearacht fánaí bóthair. In a cheann sin, chuir sé dólás orthu, arae d’fhéadfadh droch-mheas den tsórt sin ar na naomh, míshéan a thabhairt ar a dteaghlaigh amach anseo.
“-Ní mé an bhfuil gach duine tagtha chuig an tine chnámh,” a d’fhiafraigh Yann Arc’hant sular chuir sé splanc adhainte sna craobhóga carnaithe.
Gach uile bhliain ba é Yann Arc’hant, an sean-chairéalaí, a raibh meas air in Kerunken de bharr a aoise, a d’adhnadh an tine chnámh; agus gach bliain d’fhiafraíodh an seanóir, ag féachaint ina thimpeall dó, an cheist chéanna.
“-Tá!” a d’fhreagraíodar uilig.
Ansin d’fhiafraigh Yann Arc’hant, mar a d’fhiafraigh sé gach bliain, an ath-cheist:
“-Ní mé ar thug gach duine againn a scair féin chuig an tine chnámh.”
Ba dhóbair don dream a tháinig le connadh nó le craobhóga “thug” a rá. Ach ba bhréag a bheadh san fhocal ar a dteanga, arae tháinig cuimhne dóibh go raibh duine ina measc a bhí tar éis a theacht chuig an tine chnámh, a dhá ghualainn neamh-luchtaithe, a dhá láimh taobh thiar dá dhroim agus é ag feadaíl istoíche fearacht fánaí bóthair. Mar sin d’fhanadar uile go léir ina dtost, a dteanga ina cuaille.
D’fhéach an sean-Ofret le fuath ar a mhac. Níor fhiafraigh Yann Arc’hant in ath-uair ar thug gach duine a ualach féin ann, ar fhaitíos go bhfreagródh duine éigin: “Níor thug! Tá duine inár measc nár thug faic leis!” Agus bheadh an chaint sin, istoíche, i bhfianaise gealaí agus réalt, ina droch-thuar.
Dul ar a ghlúine a rinne Yann Arc’hant agus é ag banrán. Shéid sé chomh tréan agus a d’fhéad sé na splancanna a tháinig aige i sean-bhróga adhmaid. D’éirigh lasóga agus sháigh an cairéalaí an bhróg i bpoillín i lár píce de fhraoch tirim a bhí curtha faoin gcual; agus gan aon mhoill bhí na lasracha ag éirí chomh hard istoíche agus go rabhadar ag loscadh craobhacha crann líomháin.
Bhí éin scéinithe ag eitilt as a bhfara, agus na leadhbóga leathair ar a gcam-luain dallta.
Chuaigh an cairéalaí i ndiaidh a chúil, bun-sásta leis féin: bhí a dhá láimh trasna a chéile ar a bhrollach, é ag glacadh boladh an deataigh, é ag breathnú ar an tine ag cnagadh sna calóga draighin agus san aiteann críon, agus ag féachaint ar an lasair ag dréim in airde ina haithinní óir.
Ach bhí na daoine ina seasamh gan smid acu timpeall na tine cnámh. Ní bhfaigheadh aonduine ann féin labhairt, ó ba rud é go raibh an dobrón úrghinte ag scrúdú croí cách. Tar éis dreasa, daile, cloiseadh mná a raibh a súile tugtha ar an tine, ag caint go réidh neamh-dhriopásach eatarthu féin, de chainteanna beaga gearra soineanta amhail is dá mba peaca a bheadh ann labhairt de ghlór ard an oíche sin os comhair na tine cnámh. Bhíothas ag caint faoi chuairt an fhad is a bhí an draighean ag cnagadh sa tine agus na lasracha ag éirí in airde, in a ráigeanna, amhail is dá mba í an ghaoth a bheadh ag cur anála fúthu. Nuair a laghdaigh na lasracha agus a thit an carn ar a chéile in a chual splanc chuaigh Seza ar a glúine le beatha an naoimh a léamh, agus an t-altú a rá: “Teighimis ar ár ndá glúin i láthair an Tiarna Dé, Eisean a chluin agus a chí sinn.”
Bhain Yann Arc’hant luaithre as a phíopa lena bhualadh faoi bhois a láimhe. Bhí sé ag dul ag feacadh a ghlúine faoi chomhair na bpaidreacha nuair a chonaic sé Lan Ofret umhlaithe lena ais. Dhírigh sé é féin gan focail a rá, agus chuaigh coiscéim ní b’fhaide le dul ar a ghlúine. Ní raibh duine ar bith le hais Lan Ofret an fhad is a bhí an t-altú á rá.
I ndiaidh an altaithe, sheas na daoine, agus tar éis trí chuairt na tine cnámh a thabhairt, mar ba nós, rug Yann Arc’hant greim ar an bpíce iarainn, lenar thug sé, d’ainneoin a aoise, dhá chualach mhóra craobhóg ann, agus d’ionsaigh air ag déanamh cuail de na splancanna a bhí leathnaithe i lár an teallaigh amhail pláta dearg.
Rinne an tine torann arís, agus chuaigh aithinní, amhail féileacháin óir, ar eitleog ghuairneánach agus go nuige craobhacha uachtair na gcrann.
Tá sé de nós in Kerunken dul de léim thar an tine sula mbíonn na lasracha as. Féachann na fir agus na hógánaigh le léimeanna arda fada a thabhairt, agus an té is túisce a léimeas thar an lasair nó trasna thríthi, bíonn na cailíní ag moladh meanmna a chroí freisin. Bíonn sé de chead ag na cailíní fanúint ag féachaint orthu: ní fhéadfaidís léimneach ámh, arae ar a gcéad-léim dóibh, chuirfeadh an diabhal a ngúna trí lasadh, agus ar aon chor níl a gcolainn cumta lena aghaidh sin. An sean-dream nach raibh in ann léimneach ní ba mhó amhail na mbuachaillí óga, d’fhanadar ag féachaint chomh maith, agus iad ag rá de shíor go mba lúfaire a léimidís féin le linn a n-óige.
Chuaigh Yann Arc’hant timpeall na tine cnámh gan éisteacht le haon chaint ná aon chaint a chaitheamh, ach é ag déanamh cuail lena phíce de na splancanna chomh uain is a bhí deireadh an chonnaidh ag dó go dúid. Ní dhearna sé an timpeall ar fad, daile, mar d’fhan sé ina sheasamh thall ar aghaidh Lan Ofret; agus d’fhéach an cairealaí ar an mac oighre a tháinig chuig an tine chnámh gan fiú cualóg ná dornán adhmaid, a dhá láimh taobh thiar dá dhroim, agus é ag feadaíl fearacht fánaí bóthair.
“-Nuair nach bhfuil aonduine eile le léimneach thar an tine,” a dúirt Yann Arc’hant, “cé a dhréimfeas sa gcrann leis an luaith a reic?”
“-Níor léimeas-sa fós,” a dúirt Lan Ofret, go táiriúil. “Fan go gcaithe mise cliobóg amhail an chuid eile.”
Agus bhí sé gafa i ndiaidh a chúil agus ligean reatha tugtha aige le dul de léim thar an tine, san am a bhfaca sé taobh thall, beanna píce Yann Arc’hant iontaithe anall air, agus iad faoi réir le sáthadh ina bholg. Leis an teannadh a bhí faoi níor fhéad sé seasamh lom láithreach agus léimeann sé i lár na tine ag eascainí mar a bheadh míle diabhal ann. Bhí a chos dóite go maith, tar éis gur léim sé amach as an tine chomh mear céanna agus a chuaigh sé inti isteach. Agus murach é ag ceannsú a thaighd, bhéarfadh sé léim eile ar Yann Arc’hant, agus níor dhóigh rud dá dtarlódh ná mísc. Duirt Alan Ofret, ámh, agus é ag sníomh a ghuaillí, nár mhothaigh sé pian ar bith… Bhéarfadh sé ar Yann Arc’hant amach anseo…
Ní mé an d’aon uaim a chuir Yann Arc’hant a phíce iarainn roimh Lan Ofret nuair a bhí sé seo ag dul ag tabhairt léime thar an tine? Is inchreidte gurbh ea: arae le linn do Lan Ofret a bheith ag eascainí lena ais agus é ag baint splancanna as a bhróga adhmaid, níor fhéad Yann Arc’hant gan a rá idir a fhiacla: “Is fearr ná sin é…” Agus do réir cuid mhaith dá raibh ag féachaint air ba dhóbair dó tosaí ag gáire.
Bhí a dhá chrobh thar a chéile ar cheann feac an phíce ag Yann Arc’hant, agus é as féin anois ar leataobh den tine ag dearcadh uirthi ag dul as.
“- Cual breá luaithre don té a bhéarfas an reic,” arsa seisean leis féin d’aon iarraidh.
“- Agamsa a bheas sí,” a deir glór sotalach Lan Ofret, a raibh cluas bheo air.
Gan a cheann a thiontú ná freagra ar bith a thabhairt uaidh, chaith Yann Arc’hant smugairle sa tine a bhí ag dul as. Agus ba é brí an smugairle sin nach aigesan a bheadh an luaithre.
Rinne buachaillín-buachaillín a raibh dhá shúil cullach cait ann, agus arbh é an coillteoir nead préachán ba chrónta sa gcomharsanacht é – dréim chomh mear le cat go dtí buaic an chrainn iúir. Fuair sé comhairle ón a mháthair: dréim de shúil oíche i gcrann, go mór-mhór i gcrann iúir a mbíonn duilleoga dlútha dorcha air, is rí-mhór an chontúirt é:
“- Bí san airdeall le faitíos go dtitfeá.”
Thug croí na mná léim nuair a chuala sí a buachaillín, nach raibh ach imithe ón a hais ar éigin, ag fógairt de bhuaic an chrainn, agus ag fiafraí:
“- Cé mhéad pingin a bheas uirthi?”
Bíonn onóir ag dul don té is túisce a thairgeas luach ar an luaithre. Go hiondúil is do réir maoine a théas an onóir seo. Ó ba scológ agus ó ba cheann teaghlaigh saibhir in Kerunken é ba do shean‑Ofret a shroicheadh an onóir i gcónaí. Dá bhrí sin bhí iontas ar dhaoine nuair a labhair Yann Arc’hant:
“- Tairgimis cúig phingine uirthi.”
“- Cúig phingine ar luaithre thine chnámh San Seáin,” a d’fhógair an buachaillín de shean-ard a chinn, de bhuaic a chrainn, “Cúig phingine atá sí.”
Cé a d’ardódh an luach anois? D’fhan teanga shean-Ofret ina cuaille, amhail dá mba stuaic a bheadh air, agus ba dhaor leis na ceanna tí eile dul thar réal. Ba é an gnás an luaithre a chur pingin, agus ansin dhá phingin, trí pingine… Céard a bhain do Yann Arc’hant a bhí chomh bocht céanna leis an dream eile ag dul ag coimhlint leo leis an gcéad réal?
Sna mionbhailte ba ghaire do láthair, Penn ‘n Aod, Penn ar Wern, ar an tulaigh agus sa ngleanntán taobh thall den abhainn, bhíothas ag fógairt istoíche ag reic luaithre freisin. Ní raibh luaithre Penn ‘n Aod ag dul luach mór: ocht bpingine. D’ardaigh luaithre Penn ar Wern ó phingin go pingin nó go raibh sí ceithre réal agus dhá phingin. Maidir le luaithre Ar Genkiz, níorbh fhéidir a dhéanamh amach, arae stad an reacaire a thúisce is a thosaigh buachaillín Kerunken ag fógairt:
“- Deich bpingine atá luaithre San Seáin; uair, dhá uair…”
“- Pingin os a chionn sin.”
“- Dhá réal agus pingin luaithre San Seáin.”
“- Ceithre réal!…” a gháir Yann Arc’hant de ghlór sotalach. D’fhéach a bhean air faoi thaghd. Níor chuí do chairéalaí bocht dul luach ní b’airde ná a acmhainn, go mór-mhór ó bhí ál leanaí sa mbaile le tógáil. Ba bhrónach an éisteacht a bhí sí a thabhairt do ghlór an reacaire ar bhuaic an chrainn:
“- Ceithre réal luaithre San Seáin. Uair, dhá uair, dhá uair go leith?…”
Ba é machnamh Yann Arc’hant ámh:
“- Ionas nach ag Lan Ofret a bheas an luaithre!”
Dhligh an luaithre fanacht don tríú huair ag an gcairéalaí.
“-Ceithre réal agus pingin,” a dúradh de ghlór neamh-dhriopásach.
D’ardaigh an t-ualach de chroí bhean an chairéalaí.
Ba í Channig Bheag a thairg an phingin le cois. Chaith sí a ceann an bhliain sin go bhfaigheadh sí luaithre na tine cnámh lena scaradh ar pháirc nach raibh ag fás inti ach salachar tar éis a raibh faighte de shaothar aici, dá rómhar leis an spáid agus dá gortghlanadh.
B’in é a thug di pingin a thairiscint thar luach an duine eile, mar bhí iúl aici go bhfágfaí an luaithre aici as deireadh na cúise. Ba ó phingin go pingin a rinne sí an luach a ardú, arae ní raibh sí ró‑shaibhir, ó tharla gurb é a raibh de mhaoin aici an pháirc nach bhfásadh inti ach broimfhéar, flidh, agus brocamas eile. Le go mb’fhearrde a cuid talún é, bhí fonn uirthi mar sin luaithre na tine cnámh a fháil i mbliana, arae tugann sí an t-ádh ar an té a cheannaíos í, agus na taltaí a leasaítear léi, tar éis go mbeidís ina dtaltaí fiáine roimhe sin, déanann siad taltaí glana torthúla dá bharr.
Cluintear reic luaithre Kerevel; glór an bholscaire atá ró-mheata daile, de bharr na dtaltaí a bheith á chosc, agus ní chluintear é ach ina bhabhtaí, do réir mar a thugas na soinneáin ghaoithe i leith é. Is mian le muintir Kerunken fios a bheith acu cé mhéad atá tugtha ar luaithre an bhaile is gaire do láthair, le go dtiúrfaidh siad féin luach a bharrtha sin. An Domhnach seo teilgfidh an tuathach luach na luaithre go torannach i bpláta na Marbh – arae ní bhíonn pláta San Seáin i ngach teach pobail – agus cuirfidh sé cogar i gcluais ghiolla an phláta, cogar réidh ach go mbeidh sé sách ardghlórach mar sin féin le go gcloisfidh cuid mhaith ina thimpeall é: “seo é luach na luaithre.”
D’fhiafraigh Seza mar sin:
“- Cén duine againn a chuala cé mhéad a chuaigh an luaithre in Ar Genkiz?”
Níor chuala éinne é. Labhair duine éigin:
“- Is cinnte go ndeachaigh sí luach maith.”
“- Ó sea!” arsa duine eile. “Ocht réal ar a laghad ar bith.”
“- Ocht réal ar an luaithre,” arsa sean-Ofret.
Ar chloisteáil an luach sin do Channig Bheag, chrom sí a ceann. Ba luach ró-ard é le go ngabhfadh sise oiread agus aon phingin amháin thairis. Ghlac fuath Yann Arc’hant ar chloisteáil na cainte sin dó; agus bhí caint theann an fhir eile: “Bí liomsa í,” ag goilliúint ar a chroí. D’éirigh sé ina sheasamh, arae ní ligfeadh an codladh driúilic a bhí faoina dhá ghlúin dó fanúint ní b’fhaide ar a ghlúine. Shiúil sé amach scáithín eile óna bhean le faitíos go ndéanfadh sise comhartha dhó a chuid pinginí a choinneáil le haghaidh tine chnámh eile.
Ba é machnamh Yann, ámh:
“- Sé an dá mar a chéile é an luaithre a bheith ag an athair nó í a bheith ag an mac.”
Agus dúirt sé:
“- Ocht réal agus pingin.”
“- Naoi réal,” arsa sean-Ofret.
“- Naoi réal agus pingin,” arsa Yann Arc’hant.
“- Deich réal.”
“- Pingin os a chionn sin.”
Lig bean Yann Arc’hant osna ó chroí, agus b’iontas le gach aon chathaíocht a fheiceáil idir an dís, agus bhíodar ag díospóireacht eatarthu féin, nó ba chóra a rá go ndeachadar i gcochall a chéile chomh mear sin nach raibh sé d’am ag giolla an iúir na luachanna a bhí á dtairiscint a ghairm.
“- Coróin,” a dúirt sean-Ofret buille feargach. Ghoill sé ar an gceann teaghlaigh cairéalaí a fheiceáil ag aithris ar scológ agus seo é a dúirt sé ina chroí istigh:
“- Ionas nach aige sin a bheas sí.”
I gcruth is gur lig sé a dhriopás amach:
“- Bí liomsa an luaithre!”
Chreid sé go raibh coróin ina luach nach bhfaigheadh cairéalaí bocht ann féin – nó ba mhí-chuíúil agus ba náireach an mhaise dó é dá bhfaigheadh! – luach a barrtha a thairiscint. Ach d’ainneoin dá bhean puthaíl chasachta a dhéanamh chomh láidir is a d’fhéad sí chun é a chur ar a aireachas féin ní raibh aon mhaolú tagtha ar thnúthán Yun Arc’hant fós, agus bhí sé ag cur na luaithre thar an gcoróin, san am a ndearna an mac tairiscint an athair a shárú.
“- Punt!” a dúirt Lan Ofret.
Punt! Ariamh sa saol ó bhí tinte cnámh sa bparóiste agus naoimh i bpárthas, ní dheachaigh luaithre na dtinte an oiread sin airgid. Punt! Bhí maolú tagtha ar thnúthán Yann Arc’hant. Punt! Ba náireach an rud an oiread sin a thabhairt ar luaithre San Seáin, agus ba de pheaca an uabhair é ina cheann sin.
Bhí an buachaillín ar bhuaic an chrainn ag gairm chomh tréan sin go raibh a ghlór slóctha ag aer na hoíche.
“- Punt ar luaithre San Seáin! Uair. Dhá uair…”
Níor ghar dó ámh a bheith ag fuireach nó go dtairgeadh duine éigin eile. Níor dhréim aon luach eile go dtí buaic an chrainn.
“- Trí huaire. Punt atá sí.”
Agus gairmeadh an chaint sin chomh hardghlórach is gur cluineadh é faoin sliabh agus i bhfad anonn sa ngleanntán ar an taobh thall den abhainn mhór. Agus ar chloisteáil luach cumasach na luaithre dóibh, d’fhiafraigh duine den duine eile céard a bhí tar éis tarlú in Kerunken.
Dheasaigh Lan Ofret anall le Yann Arc’hant agus dúirt sé leis:
“- Is liomsa í.”
Níor thug an cairéalaí aon fhreagra, ach puthaíl chasachta a dhéanamh agus smugairle a chaitheamh i lár na tine cruinnídithe. Tháinig cuaifeach ghaoithe faoin teallach a d’fhuadaigh an luaithre charnaithe agus a chuir aithinní go leor ag foiléimneach. Chuaigh leadhbóg leathair sheachmallach ar a cam-luain i ndiaidh na luaithre, agus theith sí go mearaithe chun na n-uachaiseacha sna cairéil thuite.
D’fhága na daoine an réiléan mar a raibh an tine chnámh ag múchadh, cé is moite de na scaití a spreagadh anáil na gaoithe í, agus dhréimeadar suas ó theaghlach go teaghlach ar feadh an bhealach cairr dhomhain mhíchothroim, go dtí a dtithe ar an ard. Ba ar deireadh thiar a bhí Lan Ofret. D’fhan sé ala an chloig i ndiaidh an chuid eile le bail bheag a chur ar an gcarn luaithre agus lena cumhdach le slinnteoga ar fhaitíos go mbeadh sí fuadaithe roimh mhaidin ag an siotaí deannaigh a bhí ag séideadh sa ngleanntán.
Agus freisin le tosach siúil a bheith ag an gcuid eile air, arae bhí a chosa dóite, agus níor mhaith leis a thaispeáint go raibh sé bacach.
Scáithín eile suas an bealach cairr, bhí Yann Arc’hant ag éisteacht lena bhean ag tabhairt milleáin dó. Ba náireach an rud cairéalaí a chloisteáil ag tairiscint chomh maith le coróin ar luaithre na tine cnámh agus ag coimhlint le ceann teaghlaigh saibhir.
“- Sea!” a dúirt Yann.
“- Agus dá bhfágtaí an luaithre agat an mbeadh an choróin faighte agat le cur ar an bpláta roimh an Domhnach.”
“- Bheadh!” a d’fhreagair Yann Arc’hant in ath-uair.
“- Cá bhfaighteá í, fiafraím?”
“- Cá bhfaighinn cén rud?…”
Ba smaointe eile a bhí ag dul trí cheann Yann faoi seo. Ach ar shroichiúint an tí dóibh, thug sé freagra ar a bhean:
“Bhéarfainn coróin uirthi,” arsa seisean, “agus go fiú os a chionn sin. Chomh hard agus a bheinn in ann a chur. Chuirfinn chomh hard le fiche réal í, gan é a bheith ina shiocair náire ná uabhair dom, arae tá a fhios agat… Níor thit Lan Ofret an deannóid chuig an tine chnámh agus mar sin féin ligeamar dó an luaithre a bheith aige. Luaithre naofa ag duine diamhaslach. Measaim go bhfuil peaca mór déanta anocht againn.”
“- B’fhéidir é i ndomhnach,” arsa a bhean tar éis tamaill. D’fhanadar ina dtost ansin.
Ar an Satharn a thit an fhéile San Seáin. D’éirigh Yann Arc’hant go moch maidin lá arna mháireach le dul chuig an gcéad aifreann. An-mhoch féin a bhí sé ina shuí: níor buaileadh an chéad-chlog fós agus ba ar éigin a bhí faon-solas éirí lae ag teacht thrí chraobhacha na gcrann.
“- Cén t-am é a Yann? Níor bhuail an chéad-chlog faoi chomhair aifreann na maidine. Nuair nach bhfuil cuid beithíoch de chúram orainn, ní tráth éirí fós é.”
D’éirigh Yann mar sin féin, agus bhuail sé amach leis an aer a ghlacadh mar a dúirt sé.
Níor mhór dó sin, arae níor chodail sé néal ar feadh na hoíche, arae nuair a dhúnadh sé leath-shúil leis agus a d’fhéachadh sé le titim ina chodladh, ba dúisithe a bhíodh sé arís ar an toirt ag glór buachaillín a bhí ag reic luaithre na tine cnámh óna chrann. Agus tar éis don luaithre a bheith reicthe, chuala sé tríd a chuid néalta, an glór céanna ag fógairt i ndiaidh an ghadaí.
Chuaigh Yann síos chomh fada leis an smúrabhán. Ba éard a rinne sé an cumhdach slinnteog a bhaint den charn luaithre agus salachar fiaile agus brocamas a chaitheamh ar a fuaid.
Rinne Lan Ofret, ag an Aifreann Mór, an oiread sin torainn ag caitheamh a phíosa puint síos ar phláta na Marbh, agus dúirt sé chomh hardghlórach sin: “As ucht luaithre na Féile San Seáin!” go raibh, dár le cách, bealach mí-chuíúil leis.
Dúirt seanbhean go banránach idir a carbaid dífhiaclaithe, agus í ag filleadh abhaile:
“- Ní chuirfidh an oiread sin uabhair an t-ádh air.”
Agus is annamh an bhréag i mbéal na seandaoine…
Maidin amháin leasaigh Lan Ofret, le luaithre naofa na tine cnámh, páircín na leirge a raibh a cuid fóid chomh tanaí agus gan inti ach coinicéar aitinn. Ag teacht abhaile dó lena mhála folamh ar a ghualainn casadh Channig Bheag air, agus labhair sé go magúil léi:
“- Feictear anois an fearr faice luaithre na tine cnámh ná na luaithrí leasaithe eile. Tá mé tar éis páircín na leirge a leasú léi agus tá súil agam an bhliain seo chugainn go lobhfaidh an féar inti beidh sé chomh huaibhreach sin.”
“- Mura fearrde duine an luaithre b’fhearrde duine eile í. Is féidir luaithre tine cnámh a cheannach le hairgead, ach ní hamhlaidh ámh don luaíocht é a bhíos ag dul leis an luaithre.”
“- Is leasú den chéad-scoth iad na luaithrí ar fad, agus is í an luaíocht chéanna a bhíos ag dul leo i gcónaí,” arsa Alan, agus é ag déanamh fonóide den scéal.
“- A! Is beag an baol,” arsa Channig Bheag go beo gasta. “Is fearr ná gach luaithre í luaithre na tine cnámh. Is cosaint í ar chlocha sneachta, ar shioc liath, ar dhubh-oidhir, nuair is dea-chríostaí a cheannaíos í.”
Rinne Lan gáire.
“- Tá mise ag déanamh na fírinne,” arsa sise: “agus murabh as dea-chroí a cheannaigh tú do chuid luaithre dóifidh sí do pháirc mar a dhóigh an tine do chosa.”
D’éirigh an t-aon mhac oidhríochta as an gáire. Mhothaíodh sé tinneas ina chosa dóite, ach níorbh áit leis cuimhniú cén chaoi ar tharla sé dó. Choinnigh Channig Bheag uirthi ag caint:
“- Tá tú bacach anois, tá do dhá chois dóite. Deir tú féin gur staonadh a rinne tú sa rite reathach, go ndeachaidh do chosa ar fiar, agus tú ar do léim thar an tine, ach deirimse leatsa gurb é neart an diabhail le fearta San Seáin a d’fhága caite i lár na tine thú.”
Agus chuaigh Chann ina bealach spréachta.
Ba righin ó Lan Ofret dréim in airicis a thí, arae ó chuala sé caint Channig, bhí a chuid bróga maide ag goilliúint tuilleadh air. Bhí na cosa á ndó aige, agus mhothaigh sé go raibh siad ar tí pochóidí a dhéanamh agus mhachnaigh sé:
“- Caite sa tine ag neart an diabhail le fearta an naoimh!…”
Agus cheannaigh sé luaithre nach raibh ag dul dó, nuair nár thug sé oiread agus craobhóg chuig an tine… Ba ghadaíocht an luaithre a cheannacht. Níor ghar dó smaoineamh gur chaith sé a phíosa puint i bpláta na Marbh. Chuala sé a chroí istigh á n-iomardú leis:
“- Ní leatsa an luaithre. Tabhair airgead na hairí uirthi agus níor leatsa í!…”
Go dearfa, ní b’fhearrde eisean luaithre ghoidte, mar a dúirt Channig Bheag…
Murach í a bheith craite ar a pháirc, bhéarfadh sé ar ais go dtí ceartlár an teallaigh í, agus cead ag a rogha duine teacht ina coinne. Agus mhothaigh Lan Ofret dóigh choinsiasa chomh géar céanna lena dóigheanna ina chosa a thug dó an bealach a shiúl fiarach amhail fear meisce.
An lá dár gcionn ní raibh Lan i riocht siúil; ba ansin a chreid sé an rud a dúirt Channig Bheag leis ar a aistir ar ais tar éis a pháirc a leasú:
“- Neart an diabhail le fearta San Seáin a d’fhága caite i lár na tine thú.”
Pochoidí líonta le seile…
Rinne an mac oidhre guí chun San Seáin, agus ghlac sé móid. Ba ghairid ina dhiaidh sin go raibh sé ar a sheanléim arís. Facthas dó go raibh maithiúnas faighte aige ach uair á raibh sé ag siúl a chuid páirceanna, chuaigh sé ag breathnú ar an bhféar a bhí curtha aige sa ngeadán leasaithe. Ní raibh seamaide ar bith fásta ann, agus bhí priobáin den talamh dóite. Dóite fearacht a dhá chois. I bpriobáin eile de, bhí fásach broimfhéir agus feochadán.
Ba mhór-bhuartha mar bhí an mac oighre saibhir ina sheasamh os comhair a pháirce mallaithe.
An t-am a raibh a chosa dóite ghlac sé móid, agus ba ghairid ina dhiaidh sin go raibh sé ar a shean‑léim. Seo é é á chur féin faoi mhóid eile do San Seáin chun go dtógfadh sé a mhallacht den pháirc.
San am ar tháinig Yann Arc’hant chuig an tine an bhliain dar gcionn, lena chualach craobhóg agus lena shean-bhróig adhmaid a raibh deatach splaince aníos aisti, thug sé faoi deara gurbh airde a bhí an cual ná anuraidh. Thuig sé, gan é a fhiafraí, tuige arbh airde an carn i mbliana ná mar ba ghnách, nuair a chonaic sé leath-ghlúin Lan Ofret ar an talamh sula raibh an tine adhainte ar chor ar bith.
Bhí dhá aistir déanta ag Lan Ofret le dhá scair a thabhairt ann: scair na bliana seo agus scair na bliana anuraidh, agus le bheith, amhail sin, dílis dá mhóid.
Bhí sé dílis freisin dá ath-mhóid arae nuair a bhí an tine chnámh ag dul as, rinne Lan Ofret, é féin, gan náire ar bith, dréim do réir mar a bhí geallta aige, suas sa gcrann le bheith ina reacaire. An oíche sin, daile, ní dhearna sé aon tairiscint de bharr ar thairiscintí na comharsan, agus lig sé an luaithre le Channig Bheag ar shé réal agus dá phingin. Ach gairmeadh na sé réal agus dá phingin sin chomh hardghlórach i gciúnas na hoíche agus gur cluineadh iad chomh fada le séipéal Mhuire Mháthair ag Kerlaun, agus ag siúl dó an lá dar gcionn sa bpáirc a leasaíodh anuraidh le luaithre na tine, agus a mallaíodh, ba ríméad leis a thabhairt faoi deara go raibh an talamh glan inti, agus an féar a bhí curtha ag teacht ní ba thibhe théagaraí ná roimhe sin. Ansin d’airigh mac oidhre Kerunken é féin ní b’éadrime ar a chois, agus mhothaigh é féin in athuair ar staid na ngrást.