Léirmheas

Órchiste an Oileáin

Aistritheoir: Darach Ó Scolaí
Foilsitheoir: Leabhar Breac

Léirmheastóir: Pól Ó Muirí

Foilsíodh an léirmheas seo cheana ar Tuairisc.ie

Luíonn an leagan Gaeilge de leabhar cáiliúil Robert Louis Stevenson go réidh leis an traidisiún dúchasach scéalaíochta. Níl an scéal casta agus coinníonn tú ort ag léamh.

Léigh mé an leabhar seo fadó, fadó i mBéarla mar Treasure Island. An léifinn arís é mura raibh an leagan Gaeilge seo, Oileán an Órchiste, ar fáil ó lámh an scríbhneora, Darach Ó Scolaí? Ní dóigh liom é. An bhfuil aithreachas orm gur léigh mé arís é? Níl, leoga. A mhalairt. Bhain mé sult as. Pléisiúr a bhí ann. Sin agat paradacsa an aistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge ag an léitheoir Gaeilge – an col sin le hábhar a thiontaítear ó Bhéarla – Béarla na banríona! – go Gaeilge.

Nach bhfuil ár gcuid scríbhneoirí féin againn? Tá! Nár cheart iad a léamh? Ba cheart! Nár chóir tacaíocht a thabhairt do bhunábhar cumadóireachta i nGaeilge? Ba chóir! Mar sin féin, mar sin féin, mar sin féin… Bhain mé sult as an leabhar. Cad chuige nach mbainfinn? Leabhar deas soléite atá ann agus leabhar é a bhfuil a chuid suáilcí féin aige. Leabhar do dhaoine óga, an ea? Leabhar maith, a dhuine, agus, dá réir sin, leabhar do dhuine ar bith, dar liom.

Soiléir atá scéal seo Stevenson. Cuirtear ceann ar an aicsean; labhrann na carachtair le chéile; tarlaíonn eachtraí; titeann rudaí amach; tarlaíonn eachtraí eile agus tagann an scéal chun críche. Tá daoine suaracha sa scéal, daoine fealltacha, daoine uaisle, daoine amaideacha, daoine santacha, daoine marfacha. I mbeagán focal, tá daoine anseo a d’fheicfeá gach aon lá den tseachtain ar shráideanna na hÉireann. Aithníonn an léitheoir muintir an leabhair agus aithníonn sé na mothúcháin a ghluaiseann chun gnímh iad. Níl Oileán an Órchiste chomh difriúil sin ar fad leis na scéalta a bhí á scríobh ag cuid mhór údar Gaeilge sna 1920í, scéalta a bhí bunaithe ar an seanchas go minic. Leoga, ba é an gnás ag an am cuid de na scéalta nua liteartha seo a léamh don chomhluadar cois teallaigh. Thiocfadh leat scéal seo Stevenson a léamh do scaifte gan stró ar bith – agus moladh, chan díspeagadh, atá i gceist ansin.

Seans gurb í sin an chúis go luíonn an leagan nua seo chomh réidh sin leis an traidisiún dúchasach scéalaíochta. Níl an scéal casta agus coinníonn tú ort ag léamh. Is go réidh a thagann na habairtí chugat agus is go buíoch a bhíonn súil an léitheora as abairtí deasa simplí a léamh – abairtí a thosaíonn le briathar! Chomh simplí agus atá sé a leithéid a dhéanamh; chomh traidisiúnta agus atá sé. Is minic agus rómhinic nach leantar den riachtanas seo sa lá atá inniu ann. Cuireann sé iontas orm arís agus arís eile an claonadh atá anois i mórán scríbhneoirí (iriseoirí san áireamh) gan cloí leis an ghnás simplí seo. Labhrann na carachtair sa leabhar seo le chéile; seolann siad; troideann siad; maraíonn siad; ritheann siad; teitheann siad; buaileann siad; baineann siad. Molaim go mór iad as sin a dhéanamh.

Tá an scéal féin ar eolas ag mórán agus ní dócha gur gá dom mórán a rá faoi. “Eachtra in Oileán an Óir” a thabharfar ar a leithéid sa traidisiún Gaelach agus níor dheacair Fionn agus na Fianna a chur in áit Jim Hawkins agus a chomhluadar. Sa bhliain 1883 a scríobh Stevenson an scéal ar dtús; Béarla as aois eile atá ann i ndáiríre. Smaoinigh ar an athrú ollmhór a tháinig ar scríbhneoireacht an Bhéarla idir sin agus James Joyce dornán beag blianta ina dhiaidh sin.

Thosaigh mé le paradacsa amháin agus b’fhéidir nár mhiste dom an t-alt seo a chríochnú le ceann eile. Tá tú á léamh seo ar líne ar sheirbhís nuachta idirlín. Ach leabhar a bhí i mo ghlac agam, leabhar álainn le léaráidí agus cló-aghaidh tharraingteach ar leathanaigh. Tá an dearadh clúdaigh daite le Caomhán Ó Scolaí an-deas agus is maith liom gur chinn na foilsitheoirí ar chuid de léaráidí N.C. Wyeth a chur sa leagan nua seo. Ómós a bhí ansin do thraidisiún na foilsitheoireachta, is dóigh liom. ‘Sea, tá nósanna léitheoireachta ag athrú ach b’fhearr i bhfad an t-earra álainn seo de leabhar a thabhairt mar bhronntanas ná an téacs a íoslódáil.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *