Rí na Sléibhte
Aistritheoir: León Ó Broin.
Bunteanga: Fraincis.
Bunteideal: Le Roi des Montagnes.
Údar: Edmond About.
Céadfhoilsiú: Béal na hUaighe agus Sgéalta Eile, 1927.
(1)
Tharla do scata daoine a bheith ag taisteal na sléibhte atá thart ar Chathair na hAithne nuair a ghabh deascán gadaithe de láimh iad. Cé is moite de threoraí Gréigeach ba stráinséaraí an chuideachta a gabhadh: bean uasal ó Shasana, a hiníon, agus mac léinn Gearmánach. Tar éis iad a ghabháil tháinig an té a bhí i gceannas na ngadaithe chuig Dimitrí, an treoraí, agus labhair leis.
“Breathnaigh,” ar seisean, “cé hé an fear ard tanaí údan le d’ais?”
Thuig an Gearmánach an Ghréigis agus d’fhreagair as a chonlán féin.
“Gearmánach creidmheach is ea mé agus táim ar aigne gach a bhfuil de mhaoin shaolta agam a choinneáil uaibhse.”
“Tá an Ghréigis go líofa agat ar aon chaoi,” d’fhreagair an foghlaí. “Folmhaigh amach do phócaí!”
Rinne an Gearmánach amhlaidh. Bhí aige, i gcomhshuim, timpeall fiche franc, tobac, píopa agus ciarsúr.
“Céard é seo?” a d’fhiafraigh an fear millteach de.
“Ciarsúr, d’eile.”
“Agus céard lena aghaidh é sin?”
“Le mo shrón a ghlanadh, ar ndóigh!”
“Agus tuige sa mí-ádh ansin ar dhúrais go rabhais bocht? Ag daoine deisiúla amháin a bhíos a leithéid. Tóg anuas an bosca sin atá ar do chúl. Sea! Foscail anois é.”
Ní raibh sa mbosca ach luibheanna, leabhar, scian, paicéad beag arsanaice agus fuíoll an bhricfeasta. Nuair a chonaic bean Uí Shíomóin an bia, tháinig faobhar ar a goile agus cosúlacht mire ina súile. Bhí sé de dhánacht sa nGearmánach an bia a thairscint di sula mbainfí de é i dteannta na rudaí eile. Shnap sí uaidh é go buíoch beannachtach agus thosaigh ag congailt an aráin agus na feola le luas is le fíochmhaireacht a chuirfeadh náire is ceann faoi ar eagar alpach. Ba é a huain féin anois é.
Ach sular bhain sí an maol dá pócaí thug sí íde uisce na bhfataí agus íde na naoi ndaoi ar lucht a gabhála i mBéarla breá blasta.
Is beag teanga a thiocfadh leat a labhairt agus do bhéal lán de bhia agat ach tá an Béarla ar cheann díobh.
“Cogar mé libh, a bhithiúnacha bradacha,” ar sise agus cuthach feirge uirthi: “Sasanach is ea mise. Is mairg go deo don té a chuireas as do Shasanach i dtír ar bith ar dhroim an domhain. Pé brí rud a bhainfeas sibh díom íocfaidh sibh go daor as. Is beag an mhaith a dhéanfas sé díbh. Bainfidh Sasana lán-díoltas amach. Crochfar gach mac máthar agaibh ón duine is lú cumhacht oraibh suas. Anois, má tá mo chuid airgid ag teastáil uaibh, abair é. Ach cuirfidh sé bruith agus teas thar meon in bhur lámha. Airgead Sasanach is ea é, bíodh a fhios agaibh!”
D’fhéach an príomh-ghadaí thart air féin. Iontas air.
“In ainm a bhfuil thíos agus thuas céard atá á rá aici?” d’fhiafraigh sé de Dhimitrí.
“Deir sí gur Sasanach í.”
“Is amhlaidh is fearr mar sin í. Tá na Sasanaigh go léir saibhir. Abair léi gach a ndearna tusa a dhéanamh.”
D’fhoscail an bhean bhocht a póca agus chaith sparán síos ar an ngaineamh. Bhí dhá shabhairn déag sa sparán. Fágadh an ciarsúr aici. Scaoileadh le Dimitrí, an treoraí ansin agus d’fhiafraigh sé de na mná an raibh gnó ar bith acu de.
“Abair leis,” scread bean Uí Shíomóin amach in ard a gutha, “Abair leis imeacht i mbarr na bhfáscaí go dtí teach an Chonsail Shasanaigh: ar aghaidh ansin leis go dtí an Piraeus, an ceannphort mara a fheiceáil; clamhsán a dhéanamh ag Roinn na nGnóthaí gCoigcríoch agus litir a sheoladh chuig an Tiarna Palmerston. Lámh láidir agus údarás an Rialtais a shábháilfear sinn mar pingin rua ní thabharfad in éiric orm féin.”
(2)
Tháinig Hadgi-Stabhros, rí na sléibhte agus ard-fheidhmeannach na ngadaithe ina bhfianaise. Chuir sé caint ar Bhean Uí Shíomóin.
“A bhean chóir,” ar seisean go múinte mánla, “Tá cosúlacht na feirge ort. An bhfuil aon ghearán agat le déanamh in aghaidh na bhfear a thug anseo thú?”
“An bhfuil aon ghearán agam in aghaidh na bhfear a thug – ? B’fhéidir nach bhfuil. Chuir na fámairí meata cosc leis an siúl agam. Leagadar mé ar shlatracha mo dhroma. Ghoideadar an phingin bheag is an phingin mhór uaim agus blas bia níor thugadar dom ó shin i leith. Táim scrúdta leis an ocras.”
“Gabh mo leithscéal agus mo mhíle párdún. Is éigean dom, scaitheamh, fir gan mhúineadh, gan tabhairt suas a ghlacadh ar aimsir. Ach tuigtear uaim, a bhean uasal, nach de réir aon fholáireamh uaimse a tugadh an drochíde seo oraibh. Ar mhiste a fhiafraí an Sasanach thú?”
“Gan dabht, a dhuine. Sasanach is ea mé agus ó Londain!”
“Maise, is maith liom tú á rá. Bhíos féin i Londain, uair. Tá aithne mhaith agam, agus meas mór dá réir, ar mhuintir Londan. Is maith is feasach mé an dea-ghoile a bheith acu agus ní foláir nó thugais faoi deara gur ghearr an mhoill orm lón a chur á ghléasadh in bhur gcomhair. Tá a fhios agam, freisin, nach áil le mná do thíre dúchais aon ró-dheifir a dhéanamh ag rás trasna cnoc garbh mar iad seo in ár dtimpeall. Is mór is méala liom nár ligeadh díobh bhur suaimhneas a cheapadh ar an aistear. Maith is eol dom, ina cheann sin, gur gnách le muintir Shasana gan a bhreith leo ar thurais den tsórt seo ach na rudaí is mó go mbeidh siad ina gcall. Is fada fada go maithfidh mé do Shophoclis an ghadaíocht a rinne sé oraibh. Is fada sin. Go mórmhór os duine is mór le rá thú.”
“Airiú, tá dlúth-bhaint agam leis an ngasra is saibhre agus is uaisle faoi rotha na gréine.”
“An ndeir tú liom é? Ó! Nárbh é Sophoclis an – ! Ar mhiste leat do chuid airgid a thógaint uaim? Táir an-saibhir, is dóigh?”
“Saibhir? Is saibhre mé ná bainc an domhain fré chéile.”
“An t-amadán! Seo duit do mhála agus má tá giuirléidí d’iníne anseo tógadh sí iad. De réir gach tuairisce táir iontach saibhir?”
“D’fhéadfá a rá!”
“Nach le do mhac na hearraí seo?”
“Ní hé an duine uasal seo mo mhac. Gearmánach é sin. Más Sasanach mise ní thuigim cén chaoi a bhféadfadh mac Gearmánach a bheith agam.”
“Tá an ceart ar fad agat, gan aon amhras. Is dóigh go bhfuil míle punt de theacht isteach in aghaidh na bliana agat?”
“Tá, agus tuilleadh.”
“Tabhair saoisteog do na mná uaisle seo! An féidir go bhfuil thar míle go leith agat?”
“Míle go leith ar dhúrais? Dar fia, tá – agus i bhfad níos mó!”
“Dia ár réiteach! Nárbh uafásach an pleidhce é Sophoclis? Leabharsa go gcuirfead múineadh ar an duine san murab ionann is ariamh. Logothetis! Féach chuige ar an toirt go n-ollmhaítear togha dinnéir do na daoine uaisle seo. An dtuigeann tú leat mé? A bhean uasal, an gcréidfeá nach mbeidh aon ionadh orm dá ndéarfá go bhfuil cúig chéad míle ag teacht chugat in aghaidh na bliana.”
“Agus tá an méid sin agam.”
“Ó! A Dhia is a Mhuire Mháthair! Nárbh é an feall é? Is ar éigean is féidir liom gan smaoineadh ar an drochbhail a chuir na baotháin seo oraibh. Ár ndóigh! Tá cairde feidhmiúla agaibh i gCathair na hAithne.”
“Cara mór dom is ea an Consal Sasanach – agus dá ligfeá dom…”
“Go maith, a bhean chóir! Agus tá aithne agat ar lucht trádála agus ar bhainisteoirí banc?”
“Tá deartháir liom ina chónaí sa gcathair agus tá beirt nó triúr díobh ar a aitheantas.”
“Ar fheabhas! Tá áthas an domhain orm an scéal sin a chloisteáil. Sophoclis! Gabh i leith anseo agus gabh párdún ag na mná seo!”
Ghabh Sophoclis rud éigin faoina fhiacla.
“Daoine uaisle ó Shasana gur mór le rá iad an comhluadar seo. Tá cúig chéad míle punt de theacht isteach bliantúil acu. Tá baint acu le Roinn na nGnóthaí gCoigcríoch. Tá togha na haithne ag deartháir leo atá ina chónaí i gCathair na hAithne ar na bancéirí go léir ann.”
“Díreach glan,” arsa Bean Uí Shíomóin ag cur na gcos uaithi le gliondar agus í ag ceapadh go rabhthas lena scaoileadh saor.
Lean an Rí dá chuid cainte:
“Ba chóir duit an meas atá ag dul do na mná seo as ucht a shaibhre atáid a thaispeáint dóibh.”
“Ba chóir, gan aon agó,” a chuir Bean Uí Shíomóin isteach.
“Iad a thabhairt anseo ar a socracht –”
“Gan bacadh linn ar chor ar bith!” arsa an bhean uasal, “Agus gan aon ní dár bhain linn a thángachtáil.”
Níor chuir Hadgi aon suim inti ach siúd leis ar aghaidh ag caint.
“Uair ar bith a mbeadh sé d’onóir agat go gcasfaí beirt bhan dá leithéidí seo ort ba cheart duit urraim agus gradam a bhronnadh orthu de réir nóis; iad a thionlacan isteach go dtí an campa go ciúin cúramach; garda deas lách a chur á bhfaire agus an uile chúram a dhéanamh díobh go dtí go gcuimhníonn an deartháir nó an Consal údan ar éiric cúig mhíle punt a chur chugainn.”