
The Lantern / An Lóchrann
Leabhar Nua Tancaí gona nAistriúcháin le Gabriel Rosenstock
Tá leabhar nua tancaí físchainteacha gona n-aistriúcháin i nGaeilge agus i mBéarla le Gabriel Rosenstock le fáil saor in aisce anseo: https://www.edocr.com/v/bq3aevzg/claytonmcm/the-lantern
Is aoibhinn go deo é an leabhar seo, idir ealaín na scuaibe agus ealaín an phinn.
Is é is tanca ann dán aon siolla is tríocha a scríobhtar ina aon líne amháin de ghnáth. Tancaí físchainteacha nó ekphrastic atá i dtancaí an leabhair seo sa mhéid is go bhfreagraíonn gach ceann díobh do shaothar ealaíne.

